Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Bhain sé sult as an am a chaith sé i mBaile Átha Cliath agus bhí sé ar lóistín ag Séamus Ó Grianna. Tógadh Séamus agus a athair le chéile agus bhí aithne mheasartha aige air. Bhí Séamus agus athair Dhonnchaidh i gCogadh na Saoirse le chéile agus chaith siad seal sa phríosún i nDroichead Nua i gContae Chill Dara ar feadh 15 mí. Ligeadh saor iad in 1923. De bharr sin, bhí comrádaíocht maith idir an bheirt fhear i gcónaí. | 00:01:54 | |
Dar le Donnchadh gur cheart do dhaoine Rann na Feirste aitheantas níos fearr a thabhairt do chlann Uí Grianna. Tá airgead a bhailiú le hionad pobail úr a thógáil in Rann na Feirste faoi láthair. | 00:02:25 | |
An scríbhneoir Ownie Mór Ó Domhnaill. Rugadh é i 1907, uncail Dhonnchadha a bhí ann. Chaith sé seal sna Garda ach ní raibh a shláinte ar an chuid is fearr agus d’fhág sé. Theagasc sé Gaeilge i gColáiste Bhríde i Rann na Feirste. Scríobh sé cúpla leabhar ‘Scéal Húdaí Sheáinín,’ ‘Na Laetha a Bhí’, ‘ Na Céardanna.’ Scríobh sé ailt don ‘Ultach’ agus don ‘Irish Press.’ Tá seanchas maith tugtha ar Owenie, a theaghlach agus na leabhair a scríobh sé. | 00:09:43 | |